Ceoldrámaí agus amhráin nuachumtha do na bunranganna - Le trí dhlúthdhiosca
Ar ranganna na naíonán go Rang a hAon nó a Dó atá an cnuasach drámaí agus amhráin seo dírithe. Tugtar treoracha soiléire maidir le stáitsiú agus cur i láthair na ndrámaí, agus tá dlúthdhiosca le gach dráma ar a bhfuil na hamhráin go léir chomh maith le fuaimrian na n-amhrán.
I nGach Leabhar tá:
•Dhá dhráma bunaithe ar scéalta aitheanta agus dráma amháin Nollag nuascríofa. •Nótaí don mhúinteoir maidir le léiriúcháin, stáitsiú, cultacha, seit agus roghnú na gcarachtar. •Nodaireacht don cheol a bheidh feiliúnach don phianó agus don ghiotár.
Ar na Dlúthdhioscaí:
•Na hamhráin á gcanadh ag Micheál Ó Dubhghaill, le tionlacan. •An tionlacan do na hamhráin - gan na focail le go mbeidh na páistí ábalta na hamhráin a chanadh iad féin leis an tionlacan ar siúl sa chúlra.
Tá súil ag na húdair go rachaidh an leabhar seo chun tairbhe do mhúinteoirí agus go gcabhróidh sé leo drámaí simplí, bríomhara a chur ar stáitse.