Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€25.00
Líon:
Déan Dráma 2
Déan Dráma 2
ISBN: 9781784440985
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ceoldrámaí agus amhráin nuachumtha do na bunranganna - Le trí dhlúthdhiosca

Ar Rang a hAon go Rang a Ceathair atá an cnuasach drámaí agus amhráin seo dírithe. Tugtar treoracha soiléire maidir le stáitsiú agus cur i láthair na ndrámaí, agus tá dlúthdhiosca le gach dráma ar a bhfuil na hamhráin go léir chomh maith le fuaimrian na n-amhrán.

I nGach Leabhar tá:

•Dhá dhráma agus ceoldráma amháin. •Nótaí don mhúinteoir maidir le léiriúcháin, stáitsiú, cultacha, seit agus roghnú na gcarachtar. •Nodaireacht don cheol a bheidh feiliúnach don phianó agus don ghiotár.

Ar na Dlúthdhioscaí:

•Na hamhráin á gcanadh ag Micheál Ó Dubhghaill, le tionlacan. •An tionlacan do na hamhráin - gan na focail le go mbeidh na páistí ábalta na hamhráin a chanadh iad féin leis an tionlacan ar siúl sa chúlra.

Tá súil ag na húdair go rachaidh an leabhar seo chun tairbhe do mhúinteoirí agus go gcabhróidh sé leo drámaí simplí, bríomhara a chur ar stáitse.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir