Fógra | Notice
Fógra |


I gcás táirgí a ordaíodh ó 26 Márta ar aghaidh, ní dhéanfar iad a phróiseáil go dtí an 20 Aibreán de dheasca an choróinvíris.


Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


Products purchased on or after the 26th of March will not be processed until the 20th of April as a result of the coronavirus outbreak.


We apologise for any inconvenience.
Dún
€6.50
Líon:
Anna agus Niko
Anna agus Niko
ISBN: 1 857916 06 9
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Tugann tuismitheoirí Anna fón póca di ar a lá breithe. Ach ní hé an cineál fóin a theastaíonn uaithi é agus caitheann Anna ar an urlár é agus briseann an fón ina smidiríní. Nach uirthi agus ar a deartháir Niko a bhíonn an t-iontas nuair a thosaíonn an fón briste ag bualadh.

In Aibreán na bliana 2003 tháinig cúigear scríbhneoirí le chéile faoi choimirce LAF (Literature Across Frontiers). Cuireadh faoi ghlas i mbothán sna Piréiní iad agus ordaíodh dóibh úrscéal corraitheach do dhéagóirí a scríobh, dhá chaibidil an duine. Is é seo an toradh, úrscéal idirnáisiúnta a bhainfidh gol agus gáire as lucht a léite, idir óg agus aosta.