Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€7.50
Líon:
An Odaisé
An Odaisé
ISBN: 978-1-911363-03-3
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Sa leabhar pictiúr gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigean dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraith sé leabhar pictiúr lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

Ba é an file Gréagach Hóiméar a chum an Odaisé dhá mhíle bliain ó shin, agus is é Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an eagrán giorraithe seo do pháistí.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir