€24.00
Líon:
Cumadóireacht Uí Chadhain
Cumadóireacht Uí Chadhain
Máirtín Ó Cadhain
ISBN: 9781909907294
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Is éard atá foilsithe sa leabhar seo ná leagan anótáilte de thrí scríbhinn de chuid Mháirtín Uí Chadhain atá caomhnaithe i gcartlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, maraon le réamhaiste chuimsitheach a chuireann na téacsanna sin i gcomhthéacs scríbhinní critice agus litríochta eile dá chuid. Is é coincheap na cumadóireachta an snáth ceangail idir na téacsanna seo, a breacadh ag tréimhsí éagsúla i saol cruthaitheach Uí Chadhain.

“Saothar é seo a chuirfidh go mór lenár dtuiscint ar an gCadhnach mar scríbhneoir agus mar smaointeoir ar chúrsaí litríochta agus cumadóireachta i gcoitinne.” — An tOll. Gearóid Denvir.