Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€20.00
Líon:
Pobal na Gaeilge – Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht
Pobal na Gaeilge – Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht
Bog
ISBN: 9781838354411
Clúdach: Bog

Leabhar suntasach le Pádraig B. Ó Laighin

Cur síos cuimsitheach ar phobal na Gaeilge – daonra agus daonáirimh; pleanáil agus forbairt sa Ghaeltacht; eisiamh na Gaeilge ó fhearas riaracháin an Stáit; na hinstitiúidí, go háirithe oideachas agus na meáin; agus stádas sochstairiúil, eacnamaíoch, agus dlíthiúil na teanga. Anailís ghéar ar reachtaíocht teanga sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann, plé maidir le neamh-chomhlíonadh agus conas cuntasacht a chinntiú, agus moltaí reachtaíochta. Paraidím nua dírithe ar stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre, de facto, in Éirinn, agus ar úsáid na teanga ó lá go lá agus a seachadadh leanúnach ó ghlúin go glúin a chur chun cinn. Arna fhoilsiú ag Cló na nGael, 2022. xvi + 312 leathanach. Innéacs.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir