Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€6.50
Líon:
Bróg Khruschev agus scéalta eile
Bróg Khruschev agus scéalta eile
ISBN: 1-900693-99-2
Bliain foilsithe: 1988
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 1999. Cnuasach gleoite de dheich scéal ghairide atá in Bróg Khruschev a léiríonn grinneas agus géarchúis agus greann buile Rosenstock. I bhfocail fir dhána agus ealaíontóra ildánaigh eile, Alan Titley:

‘Tá scéalta anseo gur gearrscéalta traidisiúnta iad nach mór, ach ní hea ina dhiaidh sin. Scéalta eile ar píosaí filíochta iad le ceart, ní nach ionadh. Scéalta a bhfuil a mbuille san eireaball, agus scéalta arb í an chaint a mbuaic . . . Cnuasach uathúil pléisiúrtha nach gann ar ghaois.’

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir