Is é seo an chéad duanaire cuimsitheach de nua-fhilíocht na Gaeilge ina bhfuil aistriúcháin Bhéarla foilsithe ann freisin. Leanann sé ar aghaidh ó bhailiúchán ceannródaíoch Sheán Uí Thuama agus Thomas Kinsella ‘An Duanaire 1600-1900 / Poems of the Dispossessed’ (1981) agus cuireann go leor dánta sa mbreis ar an gcnuasach sin ar fáil agus saothar 26 file ón chéad seo caite curtha san áireamh ann.
Cuireann an leabhar seo cuid den fhilíocht is fearr a scríobhadh i nGaeilge ó 1900 i láthair. Léiríonn sé saibhreas is éagsúlacht nua-fhilíocht na Gaeilge, filíocht a fhágtar ar lár go ró-mhinic agus cnuasaigh d’fhilíocht na hÉireann á gcur i gcló.
San áireamh sa leabhar seo atá foilsithe ag Bloodaxe Books i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, tá dánta le Pádraig Mac Piarais agus Liam S. Gogan, dánta le Máirtín Ó Direáin, Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi. Gheofar dánta le Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh agus Biddy Jenkinson ann, chomh maith le Colm Breathnach, Gearóid Mac Lochlainn, Micheál Ó Cuaig agus Áine Ní Ghlinn.
Tá na haistriúcháin déanta ag meitheal aistritheoirí, ina measc; Paul Muldoon, Eiléan Ní Chuilleanáin agus Michael Hartnett.