Sa chnuasach seo de na hainmneacha dílse a luaitear sa Bhíobla, sa Sean-Tiomna agus sa Nua-Thiomna araon, gheofar ainmneacha daoine, pobal agus logainmneacha mar aon le roinnt aidiachtaí gaolmhara.
Beidh an lámhleabhar seo ina áis úsáideach dóibh siúd a léann na Scrioptúir Ghaeilge, atá i mbun staidéir nó taighde orthu, nó atá ag iarraidh seanmóir a thabhairt i nGaeilge nó searmanas liotúirgeach a ullmhú trí mheán na Gaeilge.