Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€6.50
Líon:
Féach Thart: Stair - Rang 5
Féach Thart: Stair - Rang 5
ISBN: 9781857918915
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Scéim bliana le haghaidh Rang 5 atá sa phacáiste Féach Thart: Stair. Cuirtear 19 dtéama staire i láthair na ndaltaí, iad uile bunaithe ar cheann de shnáithaonaid an churaclaim.

Dhá chuid atá sa phacáiste: • 19 Sraith sleamhnán (comhaid Powerpoint atá ar fáil ar www.gaeilge.ie) • Leabhar Oibre

Tá 19 mír sa leabhar oibre atá bunaithe ar an ábhar sna sraitheanna sleamhnán. Tugtar deis do na daltaí dul siar ar a bhfuil foghlamtha acu agus tuiscint níos fearr a fháil ar an ábhar. Tabharfaidh na daltaí faoi cheisteanna scríofa a fhreagairt, crosfhocail a líonadh, focalchuardach a dhéanamh, lipéid a chur ar léaráidí, léaráidí a tharraingt, agus mórchuid gníomhaíochtaí eile. Déanfaidh siad anailís freisin, ar bhealaí éagsúla eile, ar an eolas a cuireadh ina láthair sna sraitheanna sleamhnán.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir