Measann go leor daoine go bhfuil an foclóir seo, a foilsíodh go luath san aois seo caite, ar cheann de na cinn is fearr a cuireadh ar fáil riamh sa Ghaeilge. Tá go leor focal agus sainmhínithe ann nach bhfuil teacht orthu sna foclóirí Gaeilge eile. Seo an iontráil maidir leis an bhfocal “iarmhaireacht”, cuir i gcás:
“state of being a remnant or reduced; loneliness, the loneliness felt at cock-crow”
Tá go leor seod eile mar sin san fhoclóir chomh maith.