Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Faye
Faye
ISBN: 9780993494680
Bliain foilsithe: 2017
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: LeabhairCOMHAR

Is cailín óg dhá bhliain déag d’aois í Faye, a bhfuil cónaí uirthi faoi chúram an stáit. Bíonn tromluithe aici go minic, ach cén fáth? Cé go mbíonn sí i dtrioblóid go minic sa bhaile agus ar scoil, déanann sí gaiscí móra ar an bpáirc peile. Is ann a chasann sí le Liam; uaidh sin amach, athraíonn gach rud. Fásann Faye aníos sa scéal seo agus í ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol.

Is scéal cumhachtach corraitheach é seo a rachaidh i bhfeidhm go mór ar léitheoirí. Coinníonn an stíl úr bríomhar aird agus spéis an léitheora síos tríd.

“Reacaireacht den chéad scoth. Tá an comhrá agus an leanúnachas sa scéal seo ar fheabhas ar fad. Sílim go bhfuil tuiscint mhaith ag an údar ar aigne an duine óig. Bheadh aon déagóir an-tógtha leis an scéal, a leagtar amach i stíl atá insroichte agus nua-aimseartha.” - Moltóirí an Oireachtais.

Bhuaigh leagan den leabhar seo an chéad duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais i 2016.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir