Fógra | Notice
Fógra |


Tá siopa.ie ag feidhmiú arís agus táimid ag déanamh gach iarracht na horduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir.


D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbeadh moill ar d’ordú de dheasca na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


Siopa.ie is open and we are doing our very best to process orders as quickly as possible.


It is possible, however, that delivery time for your order may be longer than usual as a result of the current restrictions. We apologise for any inconvenience.
Dún
€10.00
Líon:
Mistéir an Tobair
Mistéir an Tobair
ISBN: 9781857917963
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Tá Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall. Tagann sé ar sheanmhapa a phriocann an fhiosracht ann. Ansin castar fear mistéireach, Mánas Mór, air agus leagann seisean cúram tromchúiseach ar Oisín. Ina dhiaidh sin tá sé sáite in eachtraí scáfara agus é ar a dhícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh sé ródhéanach… Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an osnádúrthacht ag rith tríd; scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir