Fógra | Notice
Fógra |


Tá siopa.ie ag feidhmiú arís agus táimid ag déanamh gach iarracht na horduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir.


D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbeadh moill ar d’ordú de dheasca na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


Siopa.ie is open and we are doing our very best to process orders as quickly as possible.


It is possible, however, that delivery time for your order may be longer than usual as a result of the current restrictions. We apologise for any inconvenience.
Dún
€9.00
Líon:
Bithiúnaigh
Bithiúnaigh
ISBN: 978-1-911363-28-6
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Úrscéal fantaisíochta do léitheoirí óga i dtús na ndéaga. Ghnóthaigh an t-úrsceal seo an Chéad Duais i gComórtas an Oireachtais 2007

Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d’fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir