Fógra | Notice
Fógra |


I gcás táirgí a ordaíodh ó 26 Márta ar aghaidh, ní dhéanfar iad a phróiseáil go dtí go bhfógrófar a mhalairt de dheasca an choróinvíris.


Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


Products purchased on or after the 26th of March will not be processed until further notice as a result of the coronavirus outbreak.


We apologise for any inconvenience.
Dún
€12.00
Líon:
Tairngreacht
Tairngreacht
ISBN: 978-1-9998029-6-7
Bliain foilsithe: 2018
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Comhar

Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.

Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin. Ach an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, fíorófar an tairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin; tairngreacht a d’athródh an saol go deo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir