Tá saol breá bog ag Seáinín Mháire Bhán, príomhcharachtar an úrscéil seo, nuair a chastar orainn é i dtosach báire. Ach ansin cailltear a athair i dtimpiste. Fágtar eisean, a mháthair, a dheartháir agus a dheirfiúr leo féin, agus gan ach cuid an bheagáin de mhaoin an tsaoil acu. Is ansin a thig an crú ar an tairne orthu. Bíonn ar Sheáinín a aghaidh a thabhairt ar Shasana le hairgead an chíosa a shaothrú. Fágann sé slán is beannacht ag a ghrá geal, Brídín an Phosta.