Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€8.50
Líon:
Mian na Saoirse
Mian na Saoirse
Pádraig Ó Baoighill
Clúdach: Bog

Tá Mánas Ó Colla ag teacht chun deireadh na scoile i ndeisceart Ard Mhacha i dtús na 1970idí. Bhí suim aige sa stair riamh, agus is minic a chuala sé a athair mór ag caint faoina bheith faoi ghlas ar long príosúin caoga bliain roimhe sin. Anuas ar sin, tá Mánas ag cluinstin gach lá faoi imeachtaí sa Tuaisceart-imtheorannú, céasadh, Domhnach na Fola agus eile.

Gabhtar Mánas féin nuair a chuireann patról airm cosc ar imreoirí ag taisteal chuig cluiche peile. Tá mian na saoirse ag borradh ann anois, fonn leanúint de lorg na laochra. Ag campa traenála foghlaimionn sé faoi láimhseáil arm agus stair na coimhlinte. Ní fada go glacann sé féin päirt in ionsai mileata.

Tá coimhlint ar siúl aige féin, áfach. Is poblachtach tréan é, ach níor mhaith leis a óige a chaitheamh i ngéibheann. Arbh fhearr dó socrú síos lena chailín, b’fhéidir-cé nach bhfuil gean ar bith ag a mháthair ar an chailín céanna? Nuair a mharaítear comrádai leis, agus amhras ann faoi spiadóirí, tá ceisteanna crua le fuascailt ag Mánas…

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir