Scéal grá i lár choimhlintí móra an tsaoil. Fadhbanna na Sé Chontae á ríomh i sárúrscéal atá suite sa tréimhse díreach roimh chríochdheighilt na hÉireann – díshealbhú, Caitlicigh vs Protastúnaigh, an grá, pósadh measctha, iarracht duine aonair a bheith ina dhroichead idir an dá thaobh, an dá chreideamh, an dá chúlra polaitiúil, le héalú ón uaigneas nach raibh éalú uaidh . . . Dhá chogadh ar siúl i saol na hÉireann agus Shasana . . . Cogadh uaigneach cráite eile i gcroí cailín óig i lár an tsaoil chrua seo nach raibh aon taobh sásta orlach a ligean leis an taobh eile.