Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€18.00
Líon:
Twisted Truths
Twisted Truths
ISBN: 9781905560714
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Tugann an cnuasach seo cuid den scríbhneoireacht Ghaeilge is fearr agus is nuálaí le tríocha bliain le chéile faoi chlúdach amháin. Aistriúcháin go Béarla ar rogha gearrscéalta ón Ghaeilge atá ann a thugann blaiseadh d’éagsúlacht na scríbhneoireachta comhaimsearthaí na Gaeilge don léitheoir. Cuireann réamhrá leis an scríbhneoir buacach, Colm Tóibín tús leis an mbailiúcháin agus leagann sé síos comhthéacs don scríbhneoireacht seo don léitheoir.

Is é Brian Ó Conchubhair, Ollamh Cúnta i Roinn Theanga & Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, a roghnaigh na scéalta agus cuireann sé comhthéacs leo sa réamhrá atá scríofa aige don chnuasach.

Sain-rogha chúramach ar dhá scéal fhichead scríofa ag trí údar déag í an chnuasach seo. Gheobhfar iliomad éagsúlachtaí idir na scéalta seo, cuid acu greannmhar, cuid eile acu imeallach, ach léiríonn siad uile ficsean léargasach. Is í an chéad chnuasach a thugann léiriú iomlánach ar an réimse nuálaíochta atá le fáil i scríbhneoireacht chomhaimseartha in Éirinn.

Ar na scríbhneoirí sa chnuasach seo tá: Micheál Ó Conghaile, Angela Bourke, Deirdre Brennan, Fionntán de Brún, Séamas Mac Annaidh, Seán Mac Mathúna, Eilís Ní Dhuibhne, Dara Ó Conaola, Daithí Ó Muirí, Mícheál Ó Ruairc, Gabriel Rosenstock, Daithí Sproule, Alan Titley..

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir