Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Séanna
Séanna
ISBN: 9781907494642
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Ní cheannóidh a bhfuil d’airgead ón bhFear Dubh aige suaimhneas aigne dó. Tá trí bliana déag aige sula dtagann an Fear Dubh ar ais chun Séanna a thabhairt leis. Ach tá cúnamh ag Séanna nach bhfuil an Fear Dubh ag coinne leis. Clasaic chanónta na Gaeilge í seo, leagan ar leith de sheanscéal idirnáisiúnta Faust, le casadh agus críoch gan choinne air. Mórshaothar tosaigh próis na hAthbheochana é, buanchompánach na nglún foghlaimeoirí agus eiseamláir stíle agus friotail ar dheacair é a shárú inniu féin.

Tá éileamh leanúnach ar scéal Shéanna, eagráin agus leaganacha a oireann do phobail éagsúla. Tá an t-eagrán seo dírithe ar ghnáthléitheoirí idir óg agus aibí, agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den uile chineál. Saothar lándaite.

Oiriúnach do léitheoirí in aois 12+ a bhfuil léamh na Gaeilge go maith acu mar aon le foghlaimeoirí fásta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir