Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€20.00
Líon:
An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc
An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc
ISBN: 978-1-907494-25-3
Bliain foilsithe: 2012
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Sraith alt cuimsitheach ó pheann 14 údar ar ghnéithe éagúla den tsochtheangeolaíocht. Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.

Téacs ilúdar é seo, ina bpléitear príomhghnéithe na sochtheangeolaíochta, agus suíomh na Gaeilge sa chomhthéacs idirnáisiúnta sin léinn. Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga. Tá sé úsáideach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime. Ar na húdair tá: Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain, Máirtín Ó Murchú, Brian Ó Curnáin, Steve Coleman, Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Catháin, Siobhán Ní Laoire, Helena Ní Ghearáin, Pádraig Ó Laighin, Muiris Ó Laoire, John Walsh, Pádraig Ó Riagáin, Peadar Ó Flatharta agus Iarfhlaith Watson.