€6.95
Líon:
An Triail
An Triail
ISBN: 9781857911268
Bliain foilsithe: 2003
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Dráma corraitheach faoi chailín a fhágtar ina haonar agus í ag iompar clainne, í tréigthe ag an bhfear dár thug sí grá agus ag fimíneacht an phobail dar de í. Tá Mailí, an striapach, ar an mbeagán daoine a léiríonn aon trua di ach roghnaíonn sí a bealach scanrúil féin le héalú óna cruachás.

Bhain ‘An Triail’, mórdhráma ceannródaíoch Mairéad Ní Ghráda, clú agus cáil amach nuair a céadléiríodh é i 1964. Tá ábhar an dráma chomh tráthúil inniu is a bhí riamh.

San eagrán seo, chomh maith le téacs an dráma tá réamhrá léirmhínithe agus aiste chritice ar shaothar an údair le hÉamon Ó Ciosáin.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir