Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, ach is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaim faoin saol óna Dhaidí agus óna Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: conas a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin. Inniu, níl Macán sásta a dhinnéar a ithe. Ní maith leis muisiriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta!