Úrscéal grafach é seo a thaitneoidh le léitheoirí fásta chomh maith le déagóirí.
An bhliain 1918: Fágann Corto Maltese Hong Cong le dul ar lorg órchiste an Tsáir. Ar a bhealach trasna na Mongóile agus na Sibéire, in éineacht lena sheanchomrádaí, Raspúitín, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí orthu, traein armútha is eitleán cogaidh, Cosacaigh is Sínigh, fir chróga is geilt! Seo é an 7ú leabhar sa tsraith úrscéalta grafacha ‘Corto’. Aistriúchán i nGaeilge shimplí shaibhir.