€40.00
Líon:
Cré na Cille - Leagan Raidió
Cré na Cille - Leagan Raidió
Cóiriú raidió d’úrscéal Mháirtín Uí Chadhain a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil ar 8 CD
ISBN: 1905560080
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Bliain i ndiaidh bhunú RTÉ Raidió na Gaeltachta, cóiríodh leagan drámatúil den úrscéal Cré na Cille don raidió: togra a léirigh misneach agus fís chruthaíoch an stáisiúin nuabhunaithe. Craoladh an dráma ar an raidió den chéad uair i 1973, agus rinneadh athchóiriú agus athchraoladh air i 2006 mar chuid de chomóradh céad bliain Mháirtín Uí Chadhain. Tá 8 ndlúthdhiosca sa phacáiste, le 25 mír san iomlán. Foilsithe i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir