Le sochraid a thosaíonn an saothar seo; i reilig a thagann sé chun clabhsúir. Idir an dá linn tugtar camchuairt ar Dhoire ar lá cinniúnach i Mí Eanáir 1972. Níl aon duine de charachtair an úrscéil saor ón doirteadh fola...ná neamhchiontach ach oiread.
Dá mhéid úrscéalta scríofa faoi na cúrsaí seo, is beag díobh a sháródh an léargas íogair seo ar an teannas ó thuaidh agus ar iomarbhá na bhféiniúlachtaí difriúla lena chéile.
Duais ‘Comórtas an Chéid’ ag an Oireachtas 1993, duais speisialta a rinne comóradh ar 100 bliain Chonradh na Gaeilge.