Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€18.00
Líon:
Táin Bó Cuailnge
Táin Bó Cuailnge
ISBN: 978-1-911363-17-0
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh. Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge. Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe.

Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia.

Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn de Tháin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir