Tá an tAthair Séamas go mór faoi bhrú. Tá seanchara leis saor i ndiaidh téarma príosúnachta a gearradh air de bharr éigniú gasúir agus ordú tagtha ón Easpag go bhfuil sé chun fanacht leis. Is beag a shíleann muintir an pharóiste go bhfuil a leithéid ina gcónaí ina measc, ach tá rúin go leor á gceilt acu féin: adhaltranas, bréaga agus iliomad rún eile.