Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir.

Sa chás go mbeadh baol ann nach bhfaighfeá d’ordú sa phost in am don Nollaig, dhéanfaí teagmháil leat i ndiaidh duit d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh.

Go raibh maith agat as do chustam.



Siopa.ie will endeavour to process Christmas orders as quickly as possible.

If there is a risk that you won't receive your order in the post before Christmas, we will contact you after you have completed your order on the website.

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Lámh, Lámh Eile
Lámh, Lámh Eile
ISBN: 9781784441807
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta. Baineann le hÉirinn na linne, go deimhin ní hea amháin le tír na hÉireann ach le hoileán na hÉireann féin. Ní tharlaíonn aon eachtra ar na hoileáin taobh amuigh den chósta ach tá eachtraí anseo atá suite i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCill Chainnigh, i gContae na Mí, i gCorcaigh, i nGaillimh, i nDoire Cholm Cille agus in áiteanna eile idir eatarthu.

Is é atá sa bhunscéal ná cé leis na lámha? Tagann bean tincéara, nó den lucht siúil anois, go dtí an bleachtaire príobháideach Shamus ag iarraidh air cén duine nó dream a bhain an lámh dá fear céile, agus a bhfuil aici dó i dtaisce i mbosca bróg. Is gairid go bhfaigheann Shamus amach go bhfuil lámha eile i gceist, lámha a bhaineann le hiarmhairt an chogaidh i dTuaisceart na hÉireann.

Ní foláir dár mbleachtaire an scéal a thaighdeadh siar go bun. Is léir ceangal éigin, dá dhiamhaire é, a bheith idir na lámha a teascadh ó dheas agus ó thuaidh. Is é sin a thugann air camchuaird na tíre a thabhairt ag lorg na fianaise atá uaidh.

Tá an uile rud anseo, bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas acu (b’fhéidir), Rúisigh le hiomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná an leanna a thuigeann agus nach dtuigeann, ach thar aon rud eile, léargas ar an taobh sin de shaol na nÉireann nach bhfeictear ach sna cinnlínte.

Ina theannta sin, áfach, tá gearrachaint agus greannchaint agus gráinchaint ar dual don saghas seo litríochta í. Dúirt léitheoir amháin gurb é an t-úrscéal Gaeilge is greannmhaire ó An Béal Bocht é.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir