Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
An Uaigh
An Uaigh
ISBN: 978-0-9571593-8-9
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Comhar

Úrscéal nuálach suntasach é seo, nach ndéanfar dearmad air go luath. Insíonn sé scéal Aislinge, déagóir a éiríonn ón uaigh ar Oíche Shamhna tar éis di a bheith marbh ar feadh beagnach céad bliain. Ní thuigeann sí ar dtús cén fáth a bhfuil sí tagtha ar ais, nó cad iad go díreach na cumhachtaí speisialta atá aici, ach buaileann sí le daoine a chabhraíonn léi dul i dtaithí ar shaol comhaimseartha na hÉireann agus a mhíníonn di cén fáth a bhfuil a cuid cumhachtaí ag teastáil anois. Tá mac léinn ar iarraidh agus seans go mbeidh Aisling in ann teacht air. Cé go bhfuil an scéal suite i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath na laethanta seo, úsáideann sé seanbhéaloideas Gaelach faoin Lucht Sí go han-éifeachtach chun atmaisféar dorcha, mistéireach, draíochtúil a chruthú. Tá an-tóir ar scéalta faoi dhraíocht agus faoin osnádúr i litríocht Bhéarla na n-óg le blianta beaga anuas, agus taitneoidh an leabhar seo le léitheoirí ar mhaith leo an seánra seo agus ar féidir leo cealú an díchreidimh a dhéanamh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir