Dánta iontacha atá sa leabhar seo, a thaitneoidh go mór le léitheoirí óga. Cloisimid ainmhithe ag caint i gcuid díobh, agus rudaí suimiúla le rá acu. Baineann dánta eile séis an dúlra, an aimsir, agus an saol mór thart orainn. Insítear na fabhalscéalta - ach ar shlí nua an-éagsúil ar fad. Agus tá dánta anseo ag cur síos ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine sa saol.
Ach is dánta spleodracha iad ar fad, a chuirfidh d’intinn ag smaoineamh agus do bhéal ag gáire.