• Céard is staca farraige ann? • Cén cineál aeráide atá in Éirinn? • Cén fáth a dtarlaíonn creathanna talún? • Cad as a dtagann seacláid?
Tá freagraí na gceisteanna sin, agus mórán ceisteanna tíreolaíochta eile, le fáil sa leabhar seo agus sna sleamhnáin a ghabhann leis. Pléitear 19 dtéama tíreolaíochta sa leabhar oibre cuimsitheach seo do Rang 6, agus iad uile bunaithe ar an gcuraclam OSIE – Tíreolaíocht. Úsáidtear an leabhar seo i gcomhar le sraitheanna sleamhnán ar líne a ullmhaíodh go speisialta don tsraith Féach Thart – Tíreolaíocht.