Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
Maraigh Dev!
Maraigh Dev!
ISBN: 6660012210381
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Coiscéim

Is samhradh na bliana 1940 é, agus tá Winston Churchill i sáinn. Tá briste go tubaisteach ar arm Shasana sa bhFrainc agus tá Sasana féin i mbaol. Tá dhá rud riachtanach chun an Ríocht Aontaithe a shábháil; cabhlach na Fraince a choimeád as seilbh Hitler agus calafoirt na hÉireann a fháil thar n-ais. Is féidir an chéad rud a dhéanamh ach teacht aniar aduaidh ar chabhlach na Fraince ach ní féidir faic a dhéanamh i dtaobh na gCalafort agus Éamonn De Valera ina thaoiseach. Ní mór beag Éireannach,atá ar fiannas in Arm Shasana, a sheoladh anall chun De Valera a mharú agus an milleán a chur ar an IRA agus na Gearmánaigh.

Tagann na pleananna seo salach, áfach, ar phleananna Thaidhg Uí Longáin, poblachtánach atá tagtha abhaile ón gcogadh sa Spáinn. Tá Tadhg dóthaineach den pholaitíocht agus den chogaíocht agus níl uaidh feasta ach Máirín Seoigh a phósadh agus socrú faoi go suaimhneach áit éigin i mBaile Átha Cliath. Ní mór do Thadhg na pleananna seo a chur i leataobh agus filleadh ar cheard na gunnadóireachta chun Dev a shábháil agus a chuid aislingí féin a shlánú.

Úrscéal le Mícheál Ó Laoghaire.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir