Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Éigse Saoil
Éigse Saoil
ISBN: 9781919601342
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: LeabhairCOMHAR

I ndán dá chuid maíonn an file Rómhánach, Horatius, ‘Exegi monumentum aere perennius’ (Tá leacht tógtha agam is buaine ná an cré-umha). Is fíor sin, a bheag nó a mhór, faoin fhilíocht ar fad mar ghné ar leith den litríocht, ach is cruinne a thagann sé le cnuasach éigse ar nós an leabhair seo mar a bhfuil bailithe le chéile na dánta uilig a chum an file ar feadh a shaoil ar fad, ‘ó thás go haois, is ó aois go bás’.

Ní hionann agus an dráma nó an ficsean, mar a mbíonn an t-údar ag léiriú eachtraí agus mothúchán daoine eile, is as anam agus meanma an fhile féin a bheirtear dán, cuma cad as don ábhar atá le fuineadh go gairmiúil leis an toradh ealaíonta a chur ar fáil, pé acu an as eachtraí ina shaol pearsanta é no i saol daoine eile, as an stair nó as an Nádúr. Mar sin, tugann na dánta sa leabhar seo deis don léitheoir breathnú ar an saol mar a bhí ag an bhfile féin á dhéanamh go dóchasach neamhurchóideach agus é ina ógánach, ansin le linn dó maireachtáil tríd an sonas is an donas de réir mar a roinneann an Chinniúint ar gach duine iad, go dtí go sroicheann sé clabhsúr ár n-oilithreachta ‘in hoc lacrymarum valle’, agus é ag breathnú siar ar a shaol, mar a deir Dante, ar nós duine a thagann slán ón fharraige agus a sheasann ag féachaint siar ar na tonnta fiáine fiochta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir