Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€20.00
Líon:
Máirtín Ó Direáin: Na Dánta
Máirtín Ó Direáin: Na Dánta
ISBN: 978-1-906882-69-3
Bliain foilsithe: 2010
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2010.

Níl aon amhras ach go raibh Máirtín Ó Direáin (1910–88) ar dhuine de thriúr nó ceathrar filí a d’athraigh filíocht na Gaeilge ón mbonn aníos sa bhfichiú haois. Sa leabhar seo, tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin den chéad uair riamh gach uile dhán a scríobh an Direánach. Tá na cnuasaigh filíochta go léir a foilsíodh lena bheatha ann, Coinnle Geala (1942), Dánta Aniar (1943), Ó Mórna agus Dánta Eile (1957), Ár Ré Dhearóil (1962), Cloch Choirnéil (1966), Crainn is Cairde (1970), Ceacht an Éin (1979), Béasa an Túir (1984), Craobhóg Dán (1986), chomh maith leis na dánta a foilsíodh de chéaduair in Rogha Dánta (1949) agus in Dánta 1939–1979 (1980). Tá dornán beag dánta sa chnuasach seo freisin nár foilsíodh in aon leabhar go nuige seo.

Tá líníochtaí leis an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta as Árainn le fáil sa leabhar, ar líníochtaí iad a raibh dánta an Direánaigh mar spreagadh acu.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir