Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€11.40
Líon:
Walking Time agus Dánta Eile
Walking Time agus Dánta Eile
ISBN: 1-902420-28-4
Bliain foilsithe: 2000
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 1999.

“A collection from a master craftsman . . . all imbued with deep and illuminating humanity.” – The Irish Times

“Is annamh dánta a fháil i nGaeilge atá chomh críochnúil leis na dánta seo.” – Foinse

“Fuineann an file filíocht as mioneachtraí suntasacha na beatha inmheánaí ach iad suite, fréamhaithe i ndúiche sho-aitheanta.” – Moltóirí Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht

Cnuasach nua filíochta ón bhfile ildánach seo. Is geall le dánta de mhúnla Early Irish Lyrics roinnt de na liricí seo. Tá sraith dánta ann ar théama na hadhmadóireachta, ar ómós iad don fhear ceirde agus ar meafar san am céanna iad do cheird na filíochta. Tá dhá theanga, Gaeilge agus Béarla, agus iad fáiscthe as dúchas na cainte beo, fite ina chéile aige sna ‘dánta seanchais’ mar a thugann sé orthu.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir