Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 1999.
“Davitt’s poetry makes a defiant statement that Irish-language literature is a vital and viable contributor to contemporary letters within and beyond the boundaries of Ireland.” – The Antioch Review
“Tá idir scóipiúlacht anama agus phointeáilteacht teanga le léamh ar an gcnuasach ildánach seo agus féith an ghrinn chun tosaigh chomh maith . . . Seo ceann de mhórchnuasaigh na nóchaidí gan amhras ar bith.” – Declan Kiberd
Is é Scuais an cúigiú cnuasach filíochta ó Mhichael Davitt, fear a bhí, mar a dúirt Seán Ó Tuama, mar a bheadh Pied Piper ar an nglúin filí a cothaíodh ar bhruach na Laoi. Idir shúgradh agus dáiríre a bhíonn Davitt. Céimníonn sé réimse iomlán mothúchán an duine agus léiríonn dánta an chnuasaigh seo an tuiscint atá aige ar an duine agus an bá atá aige leis.