Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 1997.
Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 1997.
Ainmnithe ar Ghearrliosta Dhuais Litríochta The Irish Times 1999.
“Dánta níos fearr faoin bpaisiún daonna níor cumadh le fada an lá . . . agus an chluas atá aige d’fhéidearthachtaí, do cheol na teanga seo, caithfidh sibh go léir an sárfhile seo a léamh.” – RTÉ Guide
Leabhar ar leith é seo ina bhfuil 60 téacs gairid (prós agus véarsaíocht); leaganacha Fraincise de 24 cinn díobh; agus atáirgeadh daite ar ocht bpictiúr a phéinteáil Mireille Guégant. As tionscadal fada de chuid Guégant agus an Bhreathnaigh a d’eascair an saothar. Le linn tréimhse cúig bliana, spreag siad a chéile chun gnímh trí mhalartú scríbhinní agus pictiúr, trí litreacha, trí thraiseoladh smaointe agus trí chastáil ar a chéile dhá uair sa bhliain.