Leabhar gleoite é seo ó pheann eolach Tony McNally. Lánmhaisithe agus ina threoir ó mhí go mí don té, don tuismitheoir, don mhúinteoir nó don dalta gur dúil dó nó di dúlra agus nádúr na hÉireann. Leanann Tony na seasúir ó Eanáir go Nollaig. Raidhse grianghraf daite. Foclóirín ar bhun gach leathanach agus ceann trítheangach níos iomláine ag deireadh an leabhair.