“...ceann de na leabhair is suimiúla dár léigh mé riamh ar chúrsaí amharclainne.” – Anois
Bean neamhspléach ildánach ab ea Máiréad Ní Ghráda (1896–1971) as Contae an Chláir. D’oibrigh sí mar mhúinteoir, rúnaí, craoltóir, iriseoir, scríbhneoir agus drámadóir agus bhí sí gníomhach i gcúrsaí polaitíochta. Scéal suimiúil a beatha móide cur síos cuimsitheach ar a saothar liteartha le fáil anseo.