Is gnáthchailín í Rósmáire Ní Ghrifín, nó sin mar a shíleann sí. Tá na gnáthfhadhbanna saoil aici: maistín mór de dheartháir, múinteoir scoile crosta agus an deacracht áit a fháil ar fhoireann peile na scoile. Ach athraíonn a saol go mór ar a deichiú lá breithe: tagann an slua sí ar cuairt chuici san oíche le hinsint di nach duine daonna í ach sióg, duine de Thuatha Dé Danann!