Tugtar léargas anseo ar Mháirtín Ó Cadhain an múinteoir, an géibheannach, an t-agóidí, an t-ollamh ollscoile, an fear Gaeltachta agus ar ndóigh, an scríbhneoir.
Chomh maith leis sin, áfach, tá clár saothair Uí Chadhain, ceithre phíosa dhéag filíochta a chum Éigse na hÉireann ina onóir, an chéad gearrscéal a d’fhoilsigh sé agus litreacha dá chuid ann.