Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir.

Sa chás go mbeadh baol ann nach bhfaighfeá d’ordú sa phost in am don Nollaig, dhéanfaí teagmháil leat i ndiaidh duit d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh.

Go raibh maith agat as do chustam.



Siopa.ie will endeavour to process Christmas orders as quickly as possible.

If there is a risk that you won't receive your order in the post before Christmas, we will contact you after you have completed your order on the website.

Thank you for your custom.
Dún
€30.00
Líon:
Téada Dúchais: Aistí in Ómos don Ollamh Breandán Ó Madagáin
Téada Dúchais: Aistí in Ómos don Ollamh Breandán Ó Madagáin
ISBN: 1-902420-06-3
Bliain foilsithe: 2002
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Bhí Breandán Ó Madagáin ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó 1975–1997. Is mó an méid daoine a thit faoina thionchar i rith an ama sin, agus is saibhre dá bharr a n-eolas agus a dtuiscint ar an Ghaeilge, agus ar na traidisiúin a bhaineann léi, an amhránaíocht go háirithe. Tá an cnuasach aistí seo, óna iar-chomhghleacaithe agus iarscoláirí, curtha le chéile in ómós dó. Tá sé ina chomhartha aitheantais agus buíochais acu dó as a shaibhreas a roinnt leo, agus as an obair a rinne sé do léann na Gaeilge.

San fhéilscríbhinn seo tá aistí ó 24 duine, ina measc Gearóid Denvir, Mícheál Mac Craith, Ríonach uí Ógáin agus Cathal Ó Háinle a phléann réimse leathan de léann na Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir