Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
Ar Nós an Pháiste
Ar Nós an Pháiste
ISBN: 9781905560806
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Bhí Ar Nós an Pháiste ar ghearrliosta Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin 2012.

Tá Músaem Van Gogh in Amstardam ar cheann de na gailearaithe is cáiliúla ar domhan. Tugann na céadta cuairt air gach lá. Ina measc, an lá seo, tá Stiofán Ó hAnluain, a bhfuil an galar Alzheimer’s air agus atá tar éis éalú as teach altranais in Éirinn. Sa ngailearaí uachtair téann Stiofán suas ar uchtbhalla atá trí stór os cionn na talún agus chuile chuma air go bhfuil sé chun lámh a chur ina bhás féin agus léim a chaitheamh síos. Tá súile chuile dhuine sa músaem air. Tá glaonna á gcur ar a chlann in Éirinn. Agus tá Stiofán idir dhá chomhairle. Nó trí...

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir