€30.00
Líon:
Aistí ar an Nua-Ghaeilge - in Ómós do Bhreandán Ó Buachalla
Aistí ar an Nua-Ghaeilge - in Ómós do Bhreandán Ó Buachalla
ISBN: 978-1-901176-68-1
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Cnuasach aistí ar theangeolaíocht na Nua-Ghaeilge, agus iad tiomnaithe do Bhreandán Ó Buachalla in aois a 70 bliain. Scoláire ba ea Ó Buachalla ar geal leis riamh an gort léinn seo, agus a spreag mórán mac léinn dúil a chur ann i rith na mblianta.

Iarmhic léinn agus iarchomhghleacaithe leis, a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla de theangeolaíocht na Gaeilge, a scríobh na haistí. Tá ilghnéitheacht ábhar sa leabhar, ó struchtúr foirmiúil na teanga go dtí an tsochtheangeolaíocht chomhaimseartha.

Na húdair: Jim McCloskey, Malachy McKenna, Peter McQuillan, Máire Ní Chiosáin, Brian Ó Catháin, Conchúr Ó Giollagáin, Roibeard Ó Maolalaigh, Nancy Stenson, John Walsh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir