Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€20.00
Líon:
Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge
Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge
ISBN: 978-1-901176-42-1
Bliain foilsithe: 2010
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Cnuasach ilúdar d’aistí critice é seo ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge. (Tá tuilleadh sonraí faoin gclár in ‘Sliocht’ thíos.) Tugann údair na n-aistí léargas cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla agus rianaíonn na príomhléamha critice a rinneadh ar an fhilíocht sin go dtí seo. Saothar tábhachtach tagartha é seo do mhic léinn agus do scoláirí a bhfuil suim acu i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Tá sé dírithe ar an té nach bhfuil réamheolas cuimsitheach aige cheana ar shaothar na bhfilí ná ar theoiricí liteartha comhaimseartha. Is é an sprioc a bhaineann leis ná filí ár linne agus a saothar a chur in aithne do léitheoirí nua agus do ghlúin úr mac léinn. Tá sé dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar an tríú leibhéal mar aon le léitheoirí sa ghnáthphobal ar mhaith leo blaiseadh d’fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir