Soineantacht an pháiste, grá an tuismitheora, gaois an tseanóra – iad uile ar roithleán na tuisceana ar Lá Nollag sa Naigín thar thréimhse chúig bliana. Sonas, brón, éagóir agus ceart fite fuaite ar a chéile go healaíonta síos tríd. Aistear draíochtúil, aistear foghlama, aistear fírinne, ar saibhre sinn dá bharr. An Nollaig sa Naigín: é íogair iniúchach paróisteach agus domhanda ag aon am amháin. Idir dhúchas agus ghaois á n-úscadh den uile leathanach den tseoidín seo.