Leabhar eolais é seo ina rianaítear teacht agus fás na Críostaíochta in Éirinn anuas go dtí na Meánaoiseanna. Tá an leabhar maisithe go lándaite agus neart léaráidí ríshuimiúla agus léarscáileanna ann. I measc na n-ábhar a thráchtar orthu tá, na manaigh luathu agus na díthreabhaigh, na naoimh agus na ban-naoimh, ailtireacht na séipéal, an saol sa mhainistir, na Lochlannaigh, bunú na n-ord rialta, agus a thuilleadh nach iad. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach do ranganna idirbhliana agus do dhaoine fásta araon.