Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh.
Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn. Ríomhleabhar ar fáil