Earrach na bliana 1651 bhíodar sé chéad fear agus trí scór marcach ag máirseáil isteach trí gheata bhaile an Teampaill Mhóir, an Coirnéal Ó Flatharta ar a gceann, bratacha ar foluain agus drumaí á mbualadh... Trí ráithe ina dhiaidh sin, ag teitheadh faoin mbáisteach ón namhaid dóibh, a ranga bearnaithe ag cogaíocht is ag plá, ag bás is ag tréigean, cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin na díothú atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar ealaín is ar aislingí. San úrscéal cumhachtach seo tugtar ó chríocha na Bóihéime sinn go sléacht cois Sionainne, agus go ceisteanna tromchúiseacha ár linne féin.